CIC Logo

Máirtín Ó Cadhain: Rí an Fhocail & Ó Cadhain sa gCnocán Glas

By Mac Dara Ó Curraidhín

Dhá chlár a cheiliúrann saol agus saothar Mháirtín Uí Chadhain.  I 2006 rinne RTÉ coimisiúnú ar Rí an Fhocail, clár speisialta a dhéanann plé ar scríbhneoireacht Uí Chadhain agus a fhéachann lena shuí ina shaol féin agus i saol a linne.  Tá agallaimh ann leis na scríbhneoirí Micheál Ó Conghaile, Joe Steve Ó Neachtain agus Louis de Paor, chomh maith le miondrámaí bunaithe ar shaothar an Chadhnaigh, agus ábhar cartlainne.  Bhuaigh sé duais don chlár Gaeilge is fearr ag na Irish Film and Television Awards 2007 agus don chlár ealaíon is fearr ag an Celtic Film Festival 2006.

Is clár cartlainne de chuid RTÉ é Máirtín Ó Cadhain sa gCnocán Glas a craoladh de chéaduair i 1967 agus a bhfuil athmháistriú déanta ag Leabharlann agus Cartlann RTÉ anois air.  Is sa gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal a taifeadadh an clár, áit ar rugadh agus ar tógadh Ó Cadhain, agus is é Ó Cadhain féin an treoraí don chlár.  Cuireann sé in aithne don lucht féachana a cheantar dúchais, muintir an cheantair, an saol a bhí acu, agus an teanga a labhair siad - na rudaí a mhúnlaigh mar dhuine agus mar scríbhneoir é. 

Is i nGaeilge atá an dá chlár agus fotheidil Bhéarla orthu. 


 

Praghas: €15.01