
Amhráin spraíúla do pháistí ar théama na farraige atá anseo, le Tadhg Mac Dhonnagáin agus amhránaithe óga ó Scoil Sailearna i gCo. na Gaillimhe.
Léigh Tuilleadh › Cuir sa chiseán ›Tagairt: 5055201827784
DVD den scannán 'Amhrán na Mara' gur féidir breathnú ar an leagan i nGaeilge nó i mBéarla.
Rátáil: PG
Scannán álainn a thugann insint draíochtúil ar scéal Ben agus a dheirfiúr bheag Saoirse -an leanbh-rón deireanach- a théann ar thuras iontach isteach i ndomhan draíochta na finscéalaíochta ársa atá ag dul i léig in iarracht filleadh ar a mbaile cois farraige.
Tógann an scannán inspioráid ó bhanrónta miotaseolaíocha bhéaloideas na hÉirean, neacha a chónaíonn mar rónta san fharraige ach mar dhaoine ar thalamh.
Tá guthanna Brendan Gleeson, Fionnula Flanagan, David Rawle, Lisa Hannigan, Pat Shortt agus Jon Kenny le cloisteáil in Amhrán na Mara, a raibh Tomm Moore ina stiúrthóir air. An cumadóir Bruno Coulais agus an banna ÉIreannach Kila a chum ceol an scannáin. Chomhoibrigh siad roimhe seo ar The Secret of Kells.
Gnéithe speisialta
Is féidir éisteacht le tuairisc an stiúrthóra Tomm Moore (roghnach)
Súil taobh thiar de na radharcanna agus tuairisc ón stiúrthóir Tomm Moore (roghnach)
Teisteanna beogain tuairisc Tomm Moore (roghnach)
Súil ar ealaín an scannáin
An tréiléar
Praghas: €14.76