Tagairt: CICD201-MP3
Idir na blianta 1909 agus 1916 scríobh Pádraic Mac Piarais drámaí i nGaeilge agus i mBéarla. Tá ceol agus amhráin luaite i nach mór chuile dhráma a scríobh sé agus is léir go raibh an ceol fíorthábhachtach i gcur chuige cruthaitheach an Phiarsaigh agus é ag scríobh agus ag léiriú na ndrámaí seo.
Cé go ndeirtear faoin bPiarsach nach raibh bua an cheoil aige féin, tá sé ríshoiléir ón gcaoi a bhfuil ceol agus amhráin fite fuaite sna drámaí gur thuig sé cumhacht agus tionchar an cheoil ar lucht féachana. Cóiriú ar an gceol agus ar na hamhráin a luaitear sna drámaí atá i gceist leis an dlúthdhiosca seo. Tá leabhrán cuimsitheach eolais curtha ar fáil leis an dlúthdhiosca freisin.
Praghas: €6.87