CIC Logo

Nuair a Théid Sé Fán Chroí (MP3)

By Máire Ní Choilm, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: CICD184-MP3  

Aoi-cheoltóirí:  Ciarán Ó Maonaigh, Gerry Ó Colm, Breanndán Ó Beaglaoich, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Conor Byrne agus Eoghan Mac Giolla Bhríde.

Ag Féile Chnoc Fola, tráthnóna breá te samhraidh i dtrátha lár na nóchaidí, a chonaic agus a chuala mise Máire Ní Choilm den chéad uair. Ním dearmad anois cé a fuair an duais, ach thuig mé san am go raibh guth ar leith aici agus tallann ar leith inti. Mar is minic le daoine óga ag an aois sin, bíonn suim mhór acu sa cheol ar feadh tamaill bhig, ach nuair a éiríonn siad rud beag níos seanaimseartha, caitheann siad uathu an seancheol, ag déanamh nach bhfuil sé fóirsteanach do dhaoine óga. Is minic a chuireas cairde brú orthu lena gcuid magaidh éirí as. Níl a fhios agam cad é mar a bhí an scéal ag Máire ach gur choinnigh sí leis agus í ag gabháil ó neart go neart i rith an ama. Saothraí dícheallach í Máire agus choinnigh sí uirthi ag foghlaim na n-amhrán achan áit a raibh siad le fáil aici. Tá aici anois cruinneagán breá díobh agus seo chugainn iad ar an dlúthdhiosca seo. Cuid acu a chuala muid go minic agus cuid eile atá ag teacht uaithi den chéad uair. Tá stíl dá cuid féin ag an cheoltóir bhreá seo, a thabhaíos an teideal ‘Smólach an Screabáin' di. Binneas dochreidte gutha, soiléireacht focal agus neart ciúin seasmhach a bhéarfadh ar dhuine stad den rud a bheadh sé a dhéanamh agus cluas a thabhairt don cheol. Tá macalla inteacht ina glór a chuirfeadh cumha na cruinne in iúl ar chuid de na nótaí fada brónacha. Ach má tá féin, tá croí agus aigne neamhchoitianta le cluinstin sna hamhráin mheidhreacha. Tá dúchas an cheoil i Máire go smior - aici óna hathair, Gerry, agus leoga óna huncail an tAthair Eoghan Ó Colm, sagart pobail Thoraí idir 1956-61, fear a scríobh ceann de na leabharthaí is mó cáil dá dtáinig as Tír Chonaill sa chéad seo a chuaigh thart, Toraigh na dTonn. Cha raibh iontas do Mháire a theacht in inmhe mar cheoltóir agus an dúchas sin taobh thiar di. Tá cuid de cheol Thoraí anseo aici fosta, ‘Beití Sailí Dan' agus ‘Is deas an buachaill fóinteach mé' - amhráin a fuair sí ó bhanríon na n-amhrán í féin, Teresa Mhic Claifeartaigh, agus ó Éamonn Mac Ruairí, agus a dhó nó a thrí cinn eile. Tá duaiseanna go leor buaite ag Máire le blianta, agus le cuidiú Dé beidh tuilleadh léi sula raibh sí réidh. Ach cé go dtaitníonn an t-aitheantas a thig le duais léi, ní ar na duaiseanna is mó atá a haird. Tá sí leagtha ar an chuideachta agus ar an chomrádaíocht, ar an ghreann agus ar an mheidhir a bhaineas leis an aos ceoil. Tá na tíolactha sin le cluinstin ar an uile shiolla dá bhfuil ar an cheirnín seo agus seasfaidh sé clú di féin, dá muintir agus dá pobal lá is faide anonn ná inniu. Cuireann sé lúcháir mo chroí orm glúin eile de cheoltóirí ar an sean-nós a fheiceáil ag teacht ar aghaidh agus ag fágáil a loirg chinnte féin ar an dúchas. Deir Martin Hayes, fidléir cáiliúil Echtge, go bhfuil an chuid is fearr den dúchas le teacht go fóill. Ag éisteacht leis an cheirnín seo duit, beidh sé doiligh agat gan aontú leis.


-Lillis Ó Laoire, Samhain 2010

Praghas: €9.99

Traiceanna singile ar fáil

1 Is Fada Ó Bhaile (€0.99)
2 Tiocfaidh An Samhradh (€0.99)
3 An Ghiobóg (Featuring Conor Byrne) (€0.99)
4 Ar A Ghabháil Go Baile Átha Cliath Domh (Featuring Ciarán Ó Maonaigh) (€0.99)
5 Is Deas An Buachaill Fóinteach Mé (Featuring Eoghan Mac Giolla Bhríde) (€0.99)
6 Beití Sailí Dan (€0.99)
7 Nigheann An Bhaoigheallaigh (€0.99)
8 An tSeanbhean Bhocht (€0.99)
9 Damhsa Sciobóil (€0.99)
10 Tá Mé i Mo Shuí (€0.99)
11 Nansaí Bhán Nic Giobarlaí (€0.99)
12 Ag An Phobal Dé Domhnaigh (€0.99)
13 An Chéad Mháirt D'fhómhar (Featuring Gerry Ó Colm) (€0.99)
14 Líontar Dúinn An Crúiscín (Featuring Doimnic Mac Giolla Bhríde) (€0.99)
15 Amhrán Na Scadán (Featuring Breanndán Ó Beaglaioch) (€0.99)