CIC Logo

The Beat of the Breath (MP3)

By Brian Hughes, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: CICD192-MP3  

Tá Brian Hughes ar dhuine de na ceoltóirí ar an bhfeadóg stáin is cumasaí de ghlúin an lae inniu. Beidh sé ar stáitse chun an t-albam is deireanaí uaidh, The Beat of the Breath, a sheoladh ar an Aoine, 3 Bealtaine ag 8.00pm san Athy Community Arts Centre mar chuid den fhéile, Trad Athy. Beidh na ceoltóirí, Seán McElwain ón mbanna ceoil Téada agus Donnchadh Gough ón mbanna Danú, ina theannta ar an oíche. Tá cead isteach saor in aisce chuig an cheolchoirm agus beidh seisiún ceoil i ndiaidh na ceolchoirme sa teach ósta Clancy's i mBaile Átha Í.

Tógann an t-albam is deireanaí le Brian Hughes ar an mbunchloch láidir a leag sé síos leis na halbaim máistriúla,Whistle Stop (CEFCD178) agus Whirlwind (CICD164).  Mar a bhí ar an albam Whirlwind, a eisíodh ar lipéad Chló Iar-Chonnacht in 2006, tá na haoi-cheoltóirí Donnchadh Gough agus Garry Ó Briain, le cloisteáil ar The Beat of the Breath. Cloistear comhcheoltóirí nua ar an albam seo freisin, Seán McElwain agus David Day.

As Baile Átha Í i gContae Chill Dara ó dhúchas do Bhrian. Tháinig an ceol chuige i dtús báire óna sheanathair, an píobaire iomráiteach, Christy Bracken. Chomh maith leis an bhfeadóg stáin, tá an-spéis ag Brian sa bhfeadóg mhór agus sa phíb uilleann agus is iomaí cuairt a thug sé ar an Pipers' Club ar Shráid Henrietta i mBaile Átha Cliath ina óige. Tá sé ina bhailitheoir bisiúil ar phoirt cheoil, idir phoirt nua agus seanphoirt.

‘Is é atá i do ghlac anseo ná toradh na mblianta agus na nglúinte de bheith ag scríobh, ag múnlú, ag seinm - ag cruthú.  Ó na ríleanna tosaigh go dtí na poirt truslóige, ag cuimsiú na bhfonn mall álainn ‘Táimse im' Chodladh' agus ‘Slán le Máigh', agus freisin sleamhnáin, cornphíopaí agus polcaí go nótaí deiridh na bport a thugann an bailiúchán chun críche, seinneann Brian leis an meascán iontach sin den chúram mionchúiseach agus den scaoilteacht fhiáin - téad rite ceolmhar, na mílte os cionn talún, áit a dtagann atmaisféar an domhain agus an spás le chéile.' 
- John MacKenna

Praghas: €9.99

Traiceanna singile ar fáil

1 Reels The Maple Leaf Bag of Spuds The Primose Lass (Featuring Donnchadh Gough & Seán McElwain) (€0.99)
2 Jigs Páidín Ó Raifearta Sliabh Russell (Featuring Donnchadh Gough) (€0.99)
3 Slow Air Táimse Im' Chodladh (Featuring Garry Ó Briain) (€0.99)
4 March & Jigs O'Sullivan's March Coolinarne Jackson's Morning Breeze (Featuring Seán McElwain, Donnchadh Gough & David Day) (€0.99)
5 Polkas The Maids of Ardagh Tuarmore Many's a Wild Night (Featuring Seán McElwain & Donnchadh Gough) (€0.99)
6 Reels The Roscommon Reel Ah Surely (Featuring Seán McElwain & Donnchadh Gough) (€0.99)
7 Hornpipes The Plane of the Plank The Pleasures of Hope (Featuring Garry Ó Briain) (€0.99)
8 Slip Jigs The Boys of Ballysadare Top It Off (Featuring Seán McElwain & Donnchadh Gough) (€0.99)
9 Jigs Happy to Meet and Sorry to Part Bill McCormack's Troy's Wedding (Featuring Seán McElwain & Donnchadh Gough) (€0.99)
10 Reels The Maid of Mount Cisco The Lady On the Island (Featuring Garry Ó Briain & David Day) (€0.99)
11 Jigs The Tar Road to Sligo Grania's Welcome Home The Drakes of Kildare (Featuring Seán McElwain & Donnchadh Gough) (€0.99)
12 Slides The Bicycle Johnny O'Leary's The Dirty Trettles (Featuring Seán McElwain, Donnchadh Gough & David Day) (€0.99)
13 Slow Air Slán Le Máigh (Featuring Garry Ó Briain) (€0.99)
14 Reels Caher Rua Dan Breen's Now She's Purring (Featuring Seán McElwain & Donnchadh Gough) (€0.99)