CIC Logo

A Tribute to Andy McGann

By Brian Conway, Joe Burke, Felix Dolan, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: CICD 168  


Rugadh agus tógadh Andy McGann i Nua-Eabhrac agus b'as Sligeach dá thuismitheoirí. Bhí sé ar dhuine de laochra móra cheol traidisiúnta na hÉireann i Meiriceá. Bhí an pobal inar tógadh é an-lách do stíl cheoil Shligigh-Mheiriceá, a bhí cruthaithe ag imircigh as Sligeach glúin roimhe sin, leithéidí Micheal Coleman agus James Morrison ina measc. Bhí ceol iontach binn ag Andy, gan é a bheith iomarcach, ceol corraitheach agus grástúil, agus is iomaí ceoltóir óg a rinne iarracht aithris a dhéanamh air. Sa deireadh, ba é an ceoltóir eiseamláireach i stíl Shligigh-Mheiriceá é, an stíl ar chuir Coleman tús leis, agus chuidigh sé leis an traidisiún sin a sheachadadh chuig glúin eile ceoltóirí, Brian Conway ina measc.

I 1965 thaifead Andy McGann an t-albam A Tribute to Michael Coleman lena chuid cairde, na ceoltóirí Joe Burke agus Felix Dolan. Beagáinín le cois ceathracha bliain níos déanaí, ar 1 Aibreán 2006, san Irish American Heritage Center i Chicago, thug Joe Burke, Felix McGann agus Brian Conway ceolchoirm dar teideal ‘A Tribute to Andy McGann', i gcuimhne ar an sárcheoltóir agus dlúthchara dá gcuid a cailleadh i 2004. Ba é Brian Conway an rogha chuí le teacht i gcomharbacht ar Andy McGann ar an ócáid seo, ceoltóir a raibh ardmheas aige ar Andy agus a d'fhoghlaim an-chuid uaidh. Tá ceithre rian a taifeadadh beo le linn na ceolchoirme le cloisteáil ar A Tribute to Andy McGann, mar aon le rianta eile a roghnaíodh le ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar shaol Andy McGann agus ar an stíl cheoil a chleacht sé.

Tá nótaí cuimsitheacha ar Andy McGann agus ar an triúr ceoltóirí ar an albam le fáil sa leabhrán.

Praghas: €10.00