CIC Logo

Consider the Source

By Brian Conway, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: CICD 173  

Tá an táirge seo as cló faoi láthair. Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil. ›

 

Earle Hitchner, Echo Nation, Irish Echo, 21-27 Eanáir 2009

Tá an cháil ar Bhrian Conway gurb é an ceoltóir is fearr i stíl Shligigh-Nua-Eabhraic é, agus is cinnte go gcuirfidh an t-albam nua seo uaidh tuilleadh leis an gcáil sin. Ina chuid nótaí don albam, deir Earle Hitchner go bhfuil fianaise san albam seo ar dhul chun cinn Bhrian Conway ina chuid ceoil, agus go bhfuil an tionchar atá ag an uirlis nua atá aige le sonrú go smior ann. Fidil de chuid Degani atá i gceist anseo, gléas a cheannaigh Brian tá sé bliana ó shin agus a bhfuil an-tionchar imeartha aige ar a chuid ceoil. Tá sé féin den tuairim go bhfuil feabhas tagtha ar an gceol sin le haois chomh maith agus go bhfuil fuinneamh agus spraoi níos mó le brath ann anois. Deir Earle Hitchner go bhfuil cothromaíocht i gceol Bhrian idir an stíl, an chruthaitheacht agus ómós d'fhoinsí an cheoil, rud atá le tabhairt faoi deara chomh maith i dteideal an albaim, a thagraíonn ní hamháin d'fhoinsí na bhfonn ach do stair na stíle chomh maith, a thug imircigh, leithéidí Mhichael Coleman agus James Morrison, leo as Sligeach go Nua-Eabhrac sa chéad seo caite.

Tá rogha breá ceoil ar an albam seo chomh maith le fonn mall agus dhá amhrán, ráite ag Dan Milner agus Niamh Parsons. Tá tionlacan le Brendan Dolan, Joanie Madden, Billy McComiskey, Felix Dolan, John Nolan, Eamon O'Leary, Heather Martin Bixler, Gabe Donohue agus Brad Albetta.

Praghas: €10.00