CIC Logo

Down from Bell Harbour

By Chris Droney, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: CICD 161  

Tá an táirge seo as cló faoi láthair. Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil. ›

 

Is é Down from Bell Harbour an tríú halbam aonair ón gCláiríneach Chris Droney, fear atá ag baint ceoil as an saol le breis agus seachtó bliain, agus ag cur aoibhnis ar lucht ceoil thraidisiúnta agus damhsa araon. Le tionlacan blasta ó Jacinta McEvoy, tá Down from Bell Harbour ar cheann de na bailiúcháin is fearr riamh de cheol traidisiúnta ar an gconsairtín.

Níl aon amhras ach go bhfuil ainm mhuintir Droney greanta go domhain in annála cheol traidisiúnta na hÉireann ag an ngaiscíoch tréitheach, cúlánta seo. Fear é a raibh cáil amuigh air ag céilithe tí agus gan é ach sna déaga, ina dhiaidh sin bhain sé Craobh Shinsearach na hÉireann sa chonsairtín amach naoi n-uaire, agus sheinn sé le roinnt bannaí céilí aitheanta le linn a shaoil fhada ghairmiúil. Tá seinnte aige ar stáitse ó Cheanada go Camden Town, agus tá tarraingt ag móidíní ón tSeapáin go Meiriceá ar a theach cónaithe, áit a bhfearann an máistir fáilte ó chroí rompu. Seinneann Chris go rialta fós le Banna Céilí na gCeithre Cúirteanna sa bhaile agus thar lear.

Tá poirt, ríleanna, cornphíopaí agus válsaí, chomh maith le fonn mall de chuid Chris féin, ‘Corca Mrua faoi Shuan', ar an dlúthdhiosca.

Léirmheas ó The Clare People / Review in The Clare People

Léirmheasó The Ticket / Reviewin The Ticket

Praghas: €10.00