CIC Logo

Fear Inis Bearachain

By Cló Iar-Chonnacht, Johnny Óg Connolly

Tagairt: CICD206  

Is albam nua é Fear Inis Bearachain: Traditional Irish Music on the Melodeon atá curtha i dtoll a chéile ag Johnny Óg Connolly in ómós dá athair, an boscadóir aitheanta Johnny Connolly. Tá an t-albam eisithe ar lipéad Chló Iar-Chonnacht agus tugann sé aitheantas cuí d'oidhreacht cheoil Johnny Connolly agus is ceiliúradh atá ann ar an uirlis a raibh sé ina shár-mháistir uirthi. 

 

Ag scríobh dó sa leabhrán atá san áireamh leis an albam, deir Johnny Óg, "Bhí sé i gcónaí i m'aigne agam díriú ar an mileoidean am éigin amach anseo, ach de bharr thinneas m'athar, tháinig an t-am sin níos túisce ná mar a bhí súil agam leis."

 

Deir Johnny Óg go bhfuil míniú an taifeadta seo i dteideal an albaim, Fear Inis Bearachain. "Tá béim mhór, mar sin ar cheol dúchasach Chonamara chomh maith le ceol mileoidin ó ré na bhfichidí i Meiriceá. Tá píosaí ceoil le cumadóirí as Conamara mar Mharcus Ó hIarnáin agus Máirtín Shéamuis Ó Fátharta, chomh maith le leaganacha de phoirt a bhfuil lorg láidir de cheol Sheáinín Phat Mhyla Mhic Dhonncha le cloisteáil iontu."

Praghas: €15.00