Sa chnuasach seo, tá Gearóidín Breathnach ag déanamh seirbhís mhór dá pobal. Cuireann sí amhráin a bhí againn uilig ar an scoil ar fáil arís ar dhóigh a mbainfidh páistí scoile de gach aois taitneamh astu.
-Lillis Ó Laoire
” Cnuasach nua amhrán le Gearóidín Breathnach
Pól Ó Muirí, The Irish Times, 27 March, 2013
Is é Grá mo Chroí an Óige (Cló Iar-Chonnacht) is ainm do chnuasach nua amhrán leis an Chonallach, Gearóidín Breathnach nó Gearóidín Neidí Frainc mar is fearr aithne uirthi ina ceantar dúchais i Rann na Feirste.
Tá sí ar dhuine d’amhránaithe iomráiteacha Ghaeltacht Thír Chonaill; bhuaigh sí Corn Chonaill Uí Fhearraigh cúpla uair, Corn Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin faoi dhó, Comórtas na mBan, comórtais scéalaíochta, Corn Neidí Frainc agus Corn Sheáin Uí Riada i 1996 agus 2004.
“...gheofar caint mhaith, Gaeilge bhinn bhlasta, foinn dheasa mhealltacha, idir mhall is mheidhreach agus bonnachán breá de cheol...” a dúirt a comhamhránaí Conallach, Lillis Ó Laoire, faoin chnuasach.