CIC Logo

Malairt Poirt ó Fionntrá

By Jimmí Ó Sé

Tagairt: ÓRÓ 001  

I bPittsburgh Mheiriceá a saolaíodh Jimmí Ó Sé i 1916, ach d'fhill a mhuintir ar a bhfód dúchais i bhFionntrá nuair a bhí Jimmí ceithre bliana d'aois. D'fhoghlaim sé a chéad phort, Séamaisín, ar an mbosca ceoil óna mháthair nuair a bhí sé hocht mbliana d'aois, agus tá sé ag seimint ag tionóil rince le breis is ceithre fichid bliain anois. Fuair Jimmí dúchas na scéalaíochta óna dhaid, Pat Pheats Ó Sé, agus tá eachtraí, filíocht áitiúil agus scéalta grinn is púcaí le cloisteáil uaidh ar an dlúthdhiosca seo, mar aon le rogha ceoil damhsa, polcaí agus sleamhnáin san áireamh, le cóiríu agus tionlacan ó Stiofán Ó Cuanaigh. Cé go bhfuil breis is 100 bliain ann ó tosnaíodh ar scéalta béaloidis a bhailiú i bhFionntrá, seo é an chéad uair gur féidir teacht ar a leithéid ar dlúthdhiosca.

Roibeard Ó Cathasaigh a chuir an saothar in eagar.

 

 

 

Praghas: €17.99