Albam ó Mick Mulcahy, agus óna dhá iníon, Louise agus Michelle, as Mainistir na Féile, Co. Luimnigh, atá anseo. Ceol corraitheach atá ar an dlúthdhiosca seo, a chuirfidh go mór le clú mhuintir Mulcahy mar shárcheoltóirí le tuiscint as cuimse ar an gceol.
Tugann Peadar Ó Riada le fios sna nótaí don albam gurb é an binneas lena seineann siad i dteannta a chéile is mó atá le tabhairt faoi deara anseo, agus tá an ceart aige. Is ceol croíúil teolaí atá ar Notes from the Heart, seinnte i stíl Shliabh Luachra agus iarthar Luimnigh, ach go mór faoi thionchar Chontae an Chláir. Seinneann muintir Mulcahy raon leathan uirlisí ar an albam. Seinneann Mick an bosca ceoil agus an mileoidean, seinneann Louise an feadóg mhór agus na píoba uilleann agus seinneann Michelle an fhidil, an consairtín, an chláirseach agus an pianó. Tá 17 traic ar an dlúthdhiosca, agus san áireamh ansin tá ríl a chum Michelle, An Bóthar go dtí an Chríoch (The Road to Cree), ríl a chum Peadar Ó Riada, Ag Fosaíocht Caorach (Gathering Sheep) agus ríl a chum Mike Rafferty, An Smólach sa Stoirm (The Thrush in the Storm). Tá tionlacan ar an albam ó Cyril O'Donoghue ar an mbasúcaí agus ar an ngiotár, agus ó Tommy Hayes ar an mbodhrán.
Léigh léirmheas / Read a review:
The Folk Diary
The Irish Echo- No. 5 Album of 2005
The Irish Times