CIC Logo

PJ Hernon & Sons

By P.J. Hernon

Seo albam nua atá díreach eisithe ag PJ Hernon (bosca ceoil), agus a chlann mhac Domhnall (Fidil), Séamus (Fliúit) agus Eoin (Bainseó).  Tá sé cúig bhliana ó d'fhoilsigh siad an t-albam deireanach The Hernons, A Musical journey from Connemara to Sligo.  Tá 15 rian ar an dlúthdhiosca seo idir ríleanna, poirt, agus cornphíopaí, agus mar is dual dóibh, tá siad bríomhar, meidhreach.

Praghas: €15.00