CIC Logo

The Hernons, a musical journey from Connemara to Sligo

By P.J. Hernon

Tagairt: HERN CD001  

Nóta ón albam...

Is fada an t-albam seo sna bacáin. Ní minic a mbíonn deis ag PJ, Séamus agus Domhnaill ceol a chasadh in eindí... b'fhéidir faoi dhó nó faoi thrí sa mbliain. Ceann de na huaireanta sin gach bliain ná ceolchoirm mhí na Nollag sa Coleman Heritage Centre sa nGoirtín i Sligeach. Bíonn Séamus agus Rodney ag casadh ceoil in eindí gach seachtain i mbaile Shligigh agus rinne Eóin athbheochan ar a scileanna ceoil ar mhaithe leis an CD seo amháin! 

Ceann de na fáthanna móra a cuireadh an CD seo le chéile a deir na Hernons ná mar gheall ar an tacaíocht leanúnach a fhaigheann siad ó na leantóirí ceoil sa nGoirtín agus tacaíocht an Coleman Heritage Centre agus John McGetterick ach go háirithe. 

Insíonn clúdach an albaim scéal cheol na Hernons, is as Conamara ó dhúchas é PJ ach tá cónaí air i Sligeach le hos cionn 30 bliain. Chaithfeadh gur meascán éigin de stíl Chonamara agus stíl Shligigh é ceol s'againn ach fágfaidh muid fúibhse breithiúnas a thabhairt air sin. 

 

Praghas: €15.00