Tagairt: CIC 082
Is é seo an dara halbam amhránaíochta ó Chon Greaney as Áth an tSléibhe i Luimneach. Ba dheacair cur síos a dhéanamh ar stíl amhránaíochta Chon, ach ní bréag a rá gur beag duine a d'fhéadfadh í a shárú ó thaobh traidisiúin agus sean-nóis de. Is iad na hamhráin ghreannmhara agus rabhcáin is mó a thuill clú don charachtar spórtúil anamúil seo a bhaineann na gártha molta ó éisteoirí go forleathan.
Praghas: €7.87