CIC Logo

Traditional Fiddle Music from Donegal

By Con Cassidy, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Claddagh Records

Tagairt: CNF004  

 

D'úsáid Con bogha éadrom ar an fhideal agus chuirfeadh sé féileacán i gcuimhne duit ag eitilt ó bhláth go bláth, ag sníomh port le rithim agus grásta.
Mairéad Ní Mhaonaigh

 

B'as Teileann in iardheisceart Dhún na nGall do Chon Cassidy, ceantar a bhfuil traidisiún láidir fidléireachta ann le fada. Is stíl órnáideach, fhíneálta, fhuinniúil a bhí aige ar bhain sé an-leas as ornáidíocht mhéire ann. Is ón albam The Brass Fiddle (Claddagh Records, 1987), chomh maith leis na cláracha raidió The Long Note (1983 agus 1984) agus The Green Groves (1984) a tógadh na taifeadtaí seo. Tá 36 rian in iomlán ar an albam; tá tionlacan le Dermot McLaughlin ar thrí cinn acu sin agus le Mairéad Ní Mhaonaigh, fidléir leis an ngrúpa Altan, ar cheann amháin. Is iad Cairdeas na bhFidiléirí a d'eisigh an t-albam.

 

Praghas: €17.99