CIC Logo

Turas Ceoil

By Marcas Ó Murchú, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: CICD 163  

Tá an táirge seo as cló faoi láthair. Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil. ›

Is turas trí thraidisiún an cheoil atá san albam seo. Tugtar ómós do fhréamhacha an traidisiúin, le poirt ón ochtú céad déag agus tá súil ar an todhchaí chomh maith, le poirt nuachumtha ag Ó Murchú. Ar na haoicheoltóirí ar an albam seo tá Oisín Mac Diarmada, Ben Lennon, José Climent, Gearóid Mooney, Seán Óg Graham, Séamus O' Kane, Ciarán Curran agus Séamus Quinn. Tá eolas cuimsitheach ar na poirt, móide grianghraif de na ceoltóirí, sa leabhrán 24 leathanach.

Is as Béal Feirste ó dhúchas do Mharcas, ach tá cónaí air le fada i nDoire. Tá sé ina mháistir ar stíl cheoil Shligigh–Liatroma–Ros Comáin. Is é Turas Ceoil an dara halbam ó Mharcas,eisíodh an chéad albam s'aige, Ó Bhéal go Béal, i 1997.

 

 

 

 

Praghas: €9.84