CIC Logo

Seoladh Leabhair: 'An Mine: Sléacht agus Ár i gCois Fharraige'

Book Launch: An Mine Sléacht agus Ár i gCois Fharraige Friday, 19th May, 2017

Seolfaidh Máirín Joe Shéamuis Mhic Risteárd an leabhar nua 'An Mine: Sléacht agus Ár i gCois Fharraige' ar an Satharn, 17 Meitheamh ag 2.30 i.n. sa bPoitín Stil, Indreabhán mar chuid de chlár imeachtaí Chuimhneachán 100 Bliain An Mine a bheidh ar bun i gceantar an Locháin Bhig agus Chois Fharraige thar an deireadh seachtaine sin. Tá fáilte curtha ag Coiste Cuimhneacháin An Mine agus ag Cló Iar-Chonnacht roimh an bpobal bualadh isteach chuig an seoladh d'ócáid cainte is comhrá. 

Tabharfaidh Seán Ó Tuairisg píosa cainte ag an ócáid maidir leis na cláracha fáisnéise a rinne sé faoi scéal An Mine do RTÉ Raidió na Gaeltachta is na scéalta a bhailigh sé agus na daoine ar labhair sé leo. Tá an leabhar curtha in eagar ag Lochlainn Ó Tuairisg, Cló Iar-Chonnacht, agus labhróidh sé faoin obair a déanadh chun an leabhar a thabhairt le chéile, an t-eolas a fuaireadh ó scéalta áitiúla agus ón taifead a déanadh ag an am. Tá an leabhar lán le grianghrafanna agus scéalta a tháinig ón bpobal agus tugann sé léargas ar an scéal daonna atá ag croílár scéil An Mine. 

Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg, RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh ina bean an tí agus beidh sí ag cur fáilte roimh an lucht féachana a scéalta féin maidir leis An Mine a roinnt ag an ócáid cainte is comhrá seo. 

Beidh cóipeanna den leabhar á ndíol ag an seoladh agus cuirfear soláistí ar fáil.