CIC Logo

Seoladh leabhar nua le Pauline Nic Chonaonaigh

Book launch: Début collection by Pauline Nic Chonaonaigh Friday, 22nd March, 2019

Seolfar an chéad chnuasach filíochta le Pauline Nic Chonaonaigh, Tadhall, (Cló Iar-Chonnacht, 2019) ina bhfuil grianghrafanna le Simon Boyle, ag tráthnóna speisialta filíochta agus ceoil i Seanscoil Sailearna ar an Aoine, 12 Aibreán, 2019 ag a 8:00 i.n. Tá an ócáid ar bun mar chuid de chlár imeachtaí na féile Cúirt. 

Is í Máire Ní Neachtain a bheidh ina bean an tí agus beidh dánta á n-aithris ag Deidre Nic Chonaonaigh, Síle Nic Chonaonaigh agus Maidhc P. Ó Conaola. Beidh ceol sainiúil á sheinm ag Johnny Óg Connolly ar an oíche chomh maith. Tá fáilte roimh chách agus tá cead isteach in aisce.