Beidh an cnuasach aistí Ag Caint leis an Simné? Dúshlán an Traidisiúin agus Nualitríocht na Gaeilge le Louis de Paor á sheoladh ag Michael Cronin, Cathaoir na Fraincise 1776, Coláiste na Tríonóide, BÁC, ag ócáid in Institiúid de Móra, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar an Déardaoin, 13 Meán Fómhair, 2018 ag 5:00 i.n.
Cén gaol is ceart, nó is féidir, a bheith idir an scríbhneoir aonair is an traidisiún a tháinig roimhe, agus conas a bheidh léitheoirí a linne féin ag freagairt don ngné sin dá shaothar? Sa mhéid gur traidisiún scoilte é traidisiún na Gaeilge, cuid mhaith, is go bhfuil go leor dá cuid scríbhneoirí agus dá cuid léitheoirí scoite le traidisiún béil na Gaeltachta, agus leis an tseanlitríocht a bheag nó a mhór, tá an cheist níos casta ná mar a bheadh i dteangacha nach bhfuil stair choilíneach laistiar díobh. Leis sin, tá míshuaimhneas éigin ag baint le ceist an traidisiúin ó tosnaíodh ar litríocht na Gaeilge a athchóiriú aimsir na hathbheochana agus freagraí éagsúla tabhartha ag scríbhneoirí ar an dúshlán a bhaineann le teanga mhionlaithe agus cultúr coilínithe a chur in oiriúint dóibh féin agus dá gcuid léitheoirí.
Sa leabhar seo téann an t-údar i ngleic leis an gceist seo trí ghnéithe éagsúla de shaothar fhilí agus scríbhneoirí móra próis na Gaeilge a scrúdú – leithéidí Sheáin Uí Ríordáin, Liam S Gógan, Mháire Mhac an tSaoi, Mháirtín Uí Dhireáin, Mháirtín Uí Chadhain agus Bhriain Uí Nualláin (Myles na Gopaleen) – féachaint conas mar a tháinig siad féin ar réiteach ar an gceist, má tháinig ar chor ar bith.
Cén gaol is ceart, nó is féidir, a bheith idir an scríbhneoir aonair is an traidisiúin a tháinig roimhe, agus conas a bheidh léitheoirí a linne féin ag freagairt don ngné sin dá shaothar?...
Níl aon amhras ach go bhfuil Máire Mhac an tSaoi ar dhuine de mhórfhilí na Nua-Ghaeilge. Óna céad chnuasach, Margadh na Saoire (1956), i leith tá aghaidh tugtha aici go dalba, dána,...