CIC Logo

Seoladh Leabhair: 'Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir' le Joe Steve Ó Neachtain

Book Launch: ‘Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir’ le Joe Steve Ó Neachtain Thursday, 06th December, 2018

Seolfaidh Dónall Ó Braonáin an leabhar nua Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir le Joe Steve Ó Neachtain ag ócáid i dTigh Chualáin ar an Domhnach, 9 Nollaig ag 4:00 i.n.

Ag scríobh dó i mbrollach an leabhair, dúirt Joe Steve Ó Neachtain faoin saothar seo:

"Oiread is fad méire de mo bheathaisnéis fhéin ní raibh i gceist agam a lua sa leabhar seo ach na heachtraí a bhain le muintir Chóil Ruaidí, dream a raibh mé mar chomharsa béal dorais acu ón lá ar caitheadh ar an sop mé, scéal Phádraic Chóil go háirithe. 

Ach ní féidir liom a shéanadh nach bhfuil mé páirteach sa scéal. Mar sin fhéin, is é cion Pháidín den mheacan mo chionsa i gcomórtas leis an bpobal daoine a d’fhág lorg a mbéil le huachta againn. Gan aon athrú curtha ar a gcuid dea-chainte ach go díreach mar a tháinig na focla amach as a mbéal."

 


Mar a Bhí ar dTús: Cuimhní Seanghasúir
Mar a Bhí ar dTús: Cuimhní Seanghasúir

Ó bhrollach an leabhair Oiread is fad méire de mo bheathaisnéis fhéin ní raibh i gceist agam a lua sa leabhar seo ach na heachtraí a bhain le muintir Chóil Ruaidí, dream a raibh mé...

Praghas: €12.00 Ceannaigh ›