CIC Logo

Ó Chois Life go Cois Fharraige

Ó Chois Life go Cois Fharraige Tuesday, 17th July, 2018

Ó Chois Life go Cois Fharraige

Is cúis áthais do Chló Iar-Chonnacht a fhógairt go mbeidh sé ag tógáil an chomhlacht foilsitheoireachta Cois Life ar láimh ón 1 Eanáir 2020.

Sa mbliain 1995 a bunaíodh Cois Life i mBaile Átha Cliath. Ba iad an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín agus an Dr Seán Ó Cearnaigh bunaitheoirí an chomhlachta agus siad atá ag stiúrú an chomhlachta ó shin.

Rinne Cois Life obair éachtach i mbun na foilsitheoireachta Gaeilge le beagnach cúig bliana fichead anuas. D’fhoilsigh an chomhlacht breis agus 150 leabhar Gaeilge chomh maith le réimse leathan ríomhleabhar agus closleabhar. Ar na húdar ar fhoilsigh siad saothair leo go rialta tá Alex Hijmans, Áine Ní Ghlinn, Liam Ó Muirthile, Eilís Ní Dhuibhne, Dermot Somers, Siobhán Parkinson, Orna Ní Choileáin, Ciarán Mac Murchaidh agus Anna Heussaff chomh maith le timpeall seachtó údar eile.

Ba iad Cois Life a d’fhoilsigh leabhar Sheáin Uí Chuirreáin, Éagoir, a bhfuil scannán déanta anois de, Súil Eile, (stair TG4) le Seán Tadhg Ó Gairbhí agus an t-eagrán nua de Sheanfhocla Chonnacht a chuir Donla Uí Bhraonáin in eager.

Bhain go leor de leabhair Chois Life duaiseanna agus gradaim thar na blianta, ina measc Gradam Uí Shúilleabháin trí huaire do na leabhair Banana le Seán Mac Mathúna (1999), Filíocht Ghrá na Gaeilge, in eagar ag Ciarán Mac Murchadh (2009) agus Dúlra Oileáin Árann le Con Ó Ruairc (2012), agus Gradam Réics Carló faoi dhó ar leabhair le hÁine Ní Ghlinn, Daideo sa mbliain 2014 agus Hata Zú Mhamó sa mbliain 2016. 

Glacfaidh Cló Iar-Chonnacht stoc agus cearta leabhar Chois Life ar láimh ag tús 2020 agus déanfar cúram de riar an stoic, plé le ceadanna athfhoilsithe agus eisiúint athchlónna de réir mar is gá. 

Sa mbliain 1985 a bunaíodh Cló Iar-Chonnacht. Cúigear atá fostaithe go lánaimseartha sa gcomhlacht a bhí lonnaithe in Indreabhán ar feadh blianta fada ach a d’aistrigh soir go dtí in oifigí nua sa Spidéal ag deireadh na bliana seo caite. Tá siopa leabhar ar an láthair ansin ag Cló Iar-Chonnacht freisin.

 

 


Éagóir
Éagóir

Dúnmharaithe barbartha i ndorchradas na hoíche i bpobal iargúlta i nDúiche Sheoighe, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo, sa bhliain 1882, a thionscain an scéal seo. Insint líofa léir...

€15.00 Anois: €12.00 Ceannaigh ›
Daideo
Daideo

Buachaill ar a theitheadh óna thuismitheoirí. Seanduine ar a theitheadh óna pháistí. Castar ar a chéile iad ar an traein go Baile Átha Cliath. Éisteann siad le scéalta a cheile. Tuigeann siad...

Praghas: €6.00 Ceannaigh ›