CIC Logo

Cainteanna in ómós do Phádraic Breathnach

Conference in honour of the writer Pádraic Breathnach Thursday, 10th May, 2018

Cainteanna in Ómós do Phádraic Breathnach

Beidh comhdháil lae á reáchtáil ar an Aoine, 18 Bealtaine i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach mar cheiliúradh ar dhuine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge, Pádraic Breathnach. Is as Maigh Cuilinn ó dhúchas Pádraic Breathnach ach tá cónaí air le fada i Luimneach. Chaith sé an chuid is mó dá shaol oibre ina léachtóir i Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2007. 

Is scríbhneoir é Pádraic a bhfuil lorg a phinn fágtha go tréan ar nualitríocht na Gaeilge aige ó d'fhoilsigh sé a chéad chnuasach gearrscéalta, Bean Aonair agus Scéalta Eile, i 1974. Aithnítear Pádraic mar mháistir ar an ngearrscéal go háirithe, ach tá ceithre úrscéal tagtha óna pheann freisin. Seolfar an ceann is deireanaí acu sin, Dialann Mo Mháthar, (Cló Iar-Chonnacht, 2018), mar chuid d'imeachtaí na comhdhála seo. 

Tá foilseacháin ag Pádraic chomh maith a bhaineann le gnéithe den bhéaloideas agus den stair áitiúil, agus tóir go háirithe ar an leabhar taighde cuimsitheach a chuir sé amach faoina cheantar féin, Maigh Cuilinn: A Tásc agus a Tuairisc.

Tá an chomhdháil seo saor in aisce agus beidh fáilte roimh an bpobal bualadh isteach chuig aon cheann d'imeachtaí an lae. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teachtaireacht a sheoladh go dtí an seoladh ríomhphoist: .(JavaScript must be enabled to view this email address).

 

Clár na Comhdhála 

Ar na Tamhnacha: Cainteanna in Ómós do Phádraic Breathnach 

Dé hAoine, 18 Bealtaine, 2018

Seomra: G10, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach. 

 

9:15 - 9:30 Oscailte na Comhdhála

An tOllamh Micheál Ó Braoin, Déan Dhámh na nDán, Coláiste Mhuire gan Smál

9:30 - 10:05  Gnéithe den Chros-Síolracht i nGearrscéalaíocht Phádraic Breathnach

An Dr Laoise Ní Cheallaigh, Coláiste Mhuire gan Smál, Campas Phádraig

10:05 - 10:40 Ar Ghrá an Réitigh: An Réiteach mar théama in Úrscéalta Phádraic Breathnach

An Dr Sorcha de Brún, Ollscoil Luimnnigh

10:40 - 11:00 Tae & Caife 

11:00 - 11:35 Scail na hEipeafáine i nGearrscéalta Phádraic Breathnach

An tOllamh Emeritus Gearóid Denvir, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

11:35 - 12:10 Agallamh Phádraic

Pádraic Breathnach faoi agallamh ag Máire Ní Neachtain, Ceann Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál

12:10 - 1.45 LÓN

1:45 - 2:15 Seoladh Leabhair: Saoi na Féile: Aistí in Ómós d'Úna Nic Éinrí á sheoladh ag an Dr Maura Cronin, Coláiste Mhuire gan Smál.

2:15 - 2:50 An Nádúr agus an Nádúr Daonna: téamaí i ngearrscéalta an Bhreathnaigh 

An tOllamh Cúnta Pádraig de Paor, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

2:50 - 3:25 Beirt scríbhneoirí Mhaigh Cuilinn: Pádraic Breathnach mar oidhre ar Thomás Bairéad?

An Dr Aingeal Ní Chualáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

3:25 - 3:40 Tae/Caife

3:40 - 4:15 Deargadaoil i mBád fó Thoinn: úrscéal campais, sans doute; fíor nó bréagach?

Pádraig Ó Cíobháin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. 

4:20 Fáiltiú agus seoladh leabhair: Dialann mo Mháthar

Úrscéal nua le Pádraic Breathnach á sheoladh ag an Dr Breandán Ó Cróinín, Coláiste Mhuire gan Smál. 

 

 

 


Pádraic Breathnach: Rogha Scéalta
Pádraic Breathnach: Rogha Scéalta

Is fada aithne ar Phádraic Breathnach mar dhuine de ghearrscéalaithe móra na Gaeilge. Faoi chlúdaigh an leabhair seo tá cuid den iliomad seod litríochta a tháinig óna pheann ó foilsíodh a...

Praghas: €15.00 Ceannaigh ›
Dialann Mo Mháthar
Dialann Mo Mháthar

Mídhílseacht phósta atá mar ábhar san úrscéal seo. Lánúin óg, Péarla is Sylvester. Ach gur trí shúile na hiníne, Éabha, a insítear an scéal, bunaithe ar dhialann de chuid a máthar a...

€12.00 Anois: €10.80 Ceannaigh ›