CIC Logo

Seoladh Makaronik i nDoire

Dave Duggan’s new novel ‘Makaronik’ to launch in Derry Monday, 22nd October, 2018

Seolfaidh John Boyle, Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Ceantar an tSratha Báin Makaronik i Svuít Whittaker, Halla na Cathrach, Doire ag 1:00 i.n., Dé Máirt, 23 Deireadh Fómhair. Beidh Anne Craig, iar-léiritheoir le BBC Gaeilge mar aoi-chainteoir ag an ócáid agus léifidh Dave Duggan sliocht ón úrscéal. 

(Beidh Makaronik á sheoladh i mBéal Feirste freisin ar an Satharn, 27 Deireadh Fómhair sa Chultúrlann)

Úrscéal suite i bhfo-ionad sonraí, i nDoire, ar imeall na hImpireachta, sa bhliain 2584. Na rudaí is tábhachtaí san Impireacht ná dualgas agus dílseacht. Níl an focal "rogha" san Empirish, teanga na hImpireachta. Tagann Diarmuid and Gráinne, oifigigh mheánchéime de chuid na hImpireachta, leis an fho-ionad a dhruidim agus an t-oifigeach bunchéime, Makaronik, a thabhairt ar ais go dtí an Lár leo. Sin an dualgas s'acu. Níl aon rogha acu. Ach diúltaíonn Makaronik dul leo. An bhfuil an rogha aici?

DAVE DUGGAN 

Is úrscéalaí is drámadóir é Dave Duggan, a bhfuil cónaí i nDoire air. Tá a shaothar amharclainne feicthe in Éirinn, Dún Éadain, Learpholl, Nua Eabhrac agus an Afganastáin. An dráma, le snag-cheol, is déanaí uaidh ná CHEZZIE’S CHANCE (Blue Eagle Productions, 2018), a raibh an rath air i léirú in Fhéile Snag-Cheoil Dhoire. Scríobh sé GRUAGAIRÍ (2007), a bhuaigh gradam ón Stewart Parker Trust, agus MAKARONIK (2014) d’Aisling Ghéar. I measc a shaothar fá choinne scannáin is teilífise tá DANCE LEXIE DANCE (Raw Nerve Productions, 1996), a fuair ainmniúchán do na hOscars. Is é A SUDDEN SUN (Guildhall Press, 2012) an dara úrscéal uaidh agus RELATED LIVES - an imagined memoir (Guildhall Press, 2016) an leabhar is déanaí uaidh. Tá blag aige ag breathingwithalimp.co.uk and tá breis eolais ar a shaothar ag: http://www.facebook.com/DaveDugganWriter


Makaronik
Makaronik

Úrscéal suite i bhfo-ionad sonraí, i nDoire, ar imeall na hImpireachta, sa bhliain 2584. Na rudaí is tábhachtaí san Impireacht ná dualgas agus dílseacht. Níl an focal "rogha" san Empirish,...

Praghas: €10.00 Ceannaigh ›