CIC Logo

Jackie Mac Donncha Scríbhneoir na Míosa Bealtaine 2019

Jackie Mac Donncha Cló Iar-Chonnacht Writer of the Month, May 2019 Monday, 13th May, 2019

Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht a fhógairt go bhfuil muid ag leanúint le sraith léamha, 'Scríbhneoir na Míosa', a bheas ar bun i siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal gach mí. Is é Jackie Mac Donncha, scríbhneoir na míosa i mí na Bealtaine agus beidh sé ag léamh i siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht. 

Ba mhaith linn fáilte a chur roimh an bpobal a theacht go dtí an ócáid seo ag a mbeidh Jackie Mac Donncha ag caint faoina chuid scríbhneoireachta agus faoina chuid leabhar. Léifidh sé rogha sleachta óna shaothar chomh maith. Beidh cead isteach saor in aisce agus beidh deis ag an bpobal labhairt leis an údar agus ceisteanna a chur air faoin bpróiseas scríbhneoireachta agus faoina shaothar.

Beidh Cló Iar-Chonnacht ag cur lascaine 50% i bhfeidhm ar gach leabhar le Jackie Mac Donncha i rith mhí na Bealtaine i siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal agus ar an suíomh idirlín http://www.cic.ie. ;

Rugadh Jackie Mac Donncha i mí Lúnasa 1946 i gCill Chiaráin, Conamara, Co. na Gaillimhe, agus is ann atá sé ina chónaí. Bhí na céad dánta leis a foilsíodh san áireamh sa leabhar 'An Chéad Chló' a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht sa bhliain 1997. 

Scríobhann sé filíocht, scéalta agus amhráin agus bhí amhráin leis san áireamh san albam 'Réalta', a léiríonn Raidió na Gaeltachta chuile bhliain, sna blianta 1995 agus 1996. Is iad na leabhair leis atá foilsithe aige ná: Gaineamh Séidte (Cló Iar-Chonnacht, 2003), Aileach (Cló Iar-Chonnacht, 2010), Bróga Johnny Thomáis (Cló Iar-Chonnnacht, 2013), An Mianadóir, (Cló Iar-Chonnacht, 2015). 


Bróga Johnny Thomáis
Bróga Johnny Thomáis

Bronnadh an chéad duais i gComórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht ar chnuasach gearrscéalta Jackie Mhic Dhonncha, Bróga Johnny Thomáis, a phléann an domhan ina maireann muid: grá agus...

€10.00 Anois: €5.00 Ceannaigh ›
An Mianadóir
An Mianadóir

Úrscéilín do léitheoirí óga le Jackie Mac Donncha. Feiliúnach do léitheoirí idir 13 agus 16 bliain d'aois. Filleann fear ar a cheantar dúchais tar éis blianta a chaitheamh thar lear...

€10.00 Anois: €5.00 Ceannaigh ›