CIC Logo

Seoladh leabhar nua le Pauline Nic Chonaonaigh agus imeachtaí eile ag Cúirt 2019

Launch of début poetry collection by Pauline Nic Chonaonaigh & other events at Cúirt 2019 Tuesday, 09th April, 2019

Seoladh Tadhall le Pauline Nic Chonaonaigh

Seolfar an cnuasach filíochta Tadhall (Cló Iar-Chonnacht) le Pauline Nic Chonaonaigh), ina bhfuil grianghrafanna le Simon Boyle, ag tráthnóna speisialta filíochta agus ceoil i Seanscoil Sailearna ar an Aoine, 12 Aibreán ag a 8:00 i.n. Tá an ócáid á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar leis an bhféile Cúirt, tá cead isteach in aisce agus tá fáilte roimh chách.

Is í Máire Ní Neachtain a bheas ina bean an tí, agus beidh dánta á n-aithris ag Deirdre Nic Chonaonaigh, Síle Nic Chonaonaigh agus Maidhc P. Ó Conaola, le ceol sainiúil ó Johnny Óg Connolly. 

Sa leabhar Tadhall, a céad cnuasach filíochta, tugann Pauline Nic Chonaonaigh suntas do na míorúiltí beaga sa domhan mórthimpeall uirthi: fáinleoga ar a dturas, solas na gealaí i gcomhrac leis na néalta; nó an chodarsnacht sin idir duairceas an dorchadais agus ardú meanman in éadroime an tsolais idir ollchiúnas an dúlra agus réabadh fíochmhar na stoirme.

Bleachtairí, Coirp agus Ficsean Eolaíochta
Nua-Scríbhneoireacht na Gaeilge 

Dave Duggan & Alan Titley i gcomhrá le Tadhg Mac Dhonnagáin

Stiúideó Amharclann na Cathrach, Gaillimh
Dé Sathairn, 13 Aibreáin ag 3:00 i.n. 
Ticéid: €10/€8 ar fáil ó Amharclann na Cathrach

Léifidh na scríbhneoirí Alan Titley agus Dave Duggan as a n-úrscéalta nua (Lámh, Lámh Eile agus Makaronik) agus pléífidh siad nua-scríbhneoireacht chorraitheach na Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin, atá i mbun a chéad úrscéal féin a scríobh, Bean an Oileáin, atá le foilsiú i 2020. Is trí Ghaeilge atá an imeacht seo, ach fáilteofar roimh cheisteanna ón lucht féachana i mBéarla freisin.


Makaronik
Makaronik

Ar lascaine 20% ó CIC.ie i rith na féile Cúirt 2019Úrscéal suite i bhfo-ionad sonraí, i nDoire, ar imeall na hImpireachta, sa bhliain 2584. Na rudaí is tábhachtaí san Impireacht ná dualgas...

€10.00 Anois: €8.00 Ceannaigh ›
Tadhall
Tadhall

Sa leabhar Tadhall, a céad cnuasach filíochta, tugann Pauline Nic Chonaonaigh suntas do na míorúiltí beaga sa domhan mórthimpeall uirthi: fáinleoga ar a dturas, solas na gealaí i gcomhrac leis...

€10.00 Anois: €8.00 Ceannaigh ›