CIC Logo

Seoladh 'Dílis' le Réaltán Ní Leannáin ag IMRAM 2015

Launch of ‘Dílis’ by Réaltán Ní Leannáin at IMRAM 2015 Tuesday, 22nd September, 2015

An chéad chnuasach gearrscéalta le Réaltán Ní Leannáin foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

 

Seolfaidh an craoltóir agus saoririseoir Róisín O’Hara an leabhar Dílis ag Mórsheoladh Leabhair agus Irise ag an bhFéile IMRAM i gClub Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, BÁC ar an Satharn, 17 Deireadh Fómhair, ag 8.00 i.n. Bean dhílis tréigthe, bean eile ag dul i ngleic leis an éigniú agus fuadach a hóige, pacáistí rúnda agus fear ag saothrú an bháis. Tiomsaithe faoi chlúdach an leabhar seo tá scéal casta an ghrá, briseadh croí agus díoltas, bás agus buairt an tsaoil, soineantacht na hóige agus briseadh na soineantachta céanna.

 

Is iomaí cor a chuireann an saol de agus is iomaí cor atá i ndán don léitheoir sa chnuasach ilghnéitheach seo.

 

Réaltán Ní Leannáin

 

As Béal Feirste ó dhúchas í Réaltán Ní Leannáin agus tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath. Tá gradaim agus gearrliostáil bainte amach aici dá cuid scríbhneoireachta le blianta beaga anuas.

 

Ina measc, bhuaigh ‘Clic’ – ón gcnuasach seo – an chéad áit i gComórtas Gearrscéalaíochta Uí Mháine sa bhliain 2014, agus bhuaigh an gearrscéal ‘Dílis’ duais i gComórtas Liam Mhic Uistín sa bhliain 2013.

 

Is é seo a céad chnuasach gearrscéalta. D’fhoilsigh Coiscéim cnuasach filíochta léi, Turas Ailse, sa bhliain  2011.  Tá a cuid scríbhneoireachta ar fáil freisin ar a blag: turasailse.blogspot.com. 


Éalú
Éalú

Bean ghlantacháin óg as an bPolainn í Magda, í tagtha go hÉirinn ar thóir oibre agus ar thóir saol nua. Castar fear saibhir uirthi, Matt. I bhfaiteadh na súil, tá Matt agus Magda pósta agus...

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›
Coolbáire
Coolbáire

Ocht mbliana déag d’aois atá Lorcán Ó Tuathail, imreoir gairmiúil sacair de bhunadh na hÉireann atá ag cur faoi sa Spáinn ó bhí sé an-óg. Cúl báire cumasach é, a bhíonn ag imirt ar...

Praghas: €10.00 Ceannaigh ›