CIC Logo

Máirtín Ó Direáin: Ceiliúradh ar a shaol is ar a shaothar

Máirtín Ó Direáin: A celebration of his life and work Sunday, 23rd September, 2018

Tríocha bliain ó shin i mbliana a bhásaigh an mórfhile as Árainn, Máirtín Ó Direáin agus mar chomóradh ar a shaol agus a shaothar tá an Chomhdháil lae seo dá eagrú ina onóir chun deis a thabhairt gnéithe dá shaol agus dá shaothar a phlé. 

Tá an chomhdháil seo á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Scoil na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, Litríocht Éireann agus le tacaíocht ó IMRAM agus ón
gComhairle Ealaíon. 

Clár na Comhdhála

Máirtín Ó Direáin: Ceiliúradh ar a shaol is ar a shaothar
Dé hAoine, 19 Deireadh Fómhair, 2018
Litríocht Éireann, 36 Sráid na bhFiníní, Coláiste na Tríonóide, BÁC 2

9.30 r.n. - 9.45 r.n:
Focal Fáilteó Sineád Mac Aodha, Litríocht Éireann

9.45 r.n. - 10.00 r.n:
Oscailt oifigiúil le Máirín Nic Eoin

10.00 r.n. - 11.15 r.n.
Seisiún 1. 
Cathaoirleach: Eoin Mac Cárthaigh
Pádraig de Paor: Súil eile ar 'Ó Mórna'
Alan Titley: 'Ó Mórna' agus an Dán Fada

11.15 r.n. - 11.45 r.n. 
Sos tae & caife

11.45 r.n. - 1.00 i.n. 
Seisiún 2
Cathaoirleach: Caitlín Nic Íomhair
Caoimhín Mac Giolla Léith: 'Fireann ar an uaigneas': inscne an Direánaigh'.
Caitríona Ní Chléirchín: 'An scail Jungach i saothar an Direánaigh'. 

1.00 i.n. - 2.00 i.n. 
Sos Lóin

2.00 i.n. - 4.00 i.n. 
Seisiún 3
Cathaoirleach: Síle Denvir 
Síobhra Aiken: 'Thuig fear amháin na mná?"" Deilbh na mBan i saothar Mháirtín Uí Dhireáin.
Frank Sewell: Ag aistriú filíocht Mháirtín Uí Dhireáin.

4.00 i.n. - 4.30 i.n. 
Seoladh leabhráin
Berkely le Máirtín Ó Direáin
An dán á aithris i dteangacha éagsúla. 

4.30 i.n. 
Focal Scoir
Micheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht.

 

Dhá leabhar á seoladh in Amharclann Smock Alley


'Máirtín Ó Direáin: Rogha Dánta / Selected Poems'
Eag. & Aist. Frank Sewell 

á sheoladh ag Alan Titley in
Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, BÁC

Dé hAoine, 19 Deireadh Fómhair, 6.00 i.n.
Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le IMRAM.

Is é seo an chéad chnuasach dánta le Máirtín Ó Direáin atá curtha ar fáil ó foilsíodh Tacar Danta / Selected Poemsin 1984. Ainneoin gur fhoilsigh Tomás Mac Síomóin agus Douglas Sealy an cnuasach sin leis an Direánach in 1984 agus go ndeachaigh athchló air i 1992, tá sé as cló le fada. 

Seo chugainn, mar sin, aistriúchán nua Bhéarla maille, leis na bunleaganacha Gaeilge, ar beagnach dhá chéad dán dá chuid, le duine de mhóraistritheoirí fhilíocht na Gaeilge. Tá na danta "móra" uilig anseo, "Dínit an Bhróin", "an tEarrach Thiar", "Ó Mórna", agus súil go rachaidh siad i bhfeidhm an ghlúin nua léitheoirí, i mBéarla agus i nGaeilge.

An Chuid Eile Díom Féin

Aistí le Máirtín Ó Direáin
In eagar ag Síóbhra Aiken 
á sheoladh ag Alan Titley in Amharclann Smock Alley, BÁC, Dé hAoine, 19 Deireadh Fómhair, 2018 ag 6.00 i.n. 

Cé gur mar fhile is fearr aithne ar an Árannach Máirtín Ó Direáin (1918-1988), chleacht sé prós chomh maith i gcaitheamh a shaoil, altanna a bhformhór, a foilsíodh in irisí agus nuachtáin mar An Stock, Ar Aghaidh, Scéala Éireann, Feastaagus araile.

Tá éagsúlacht mhór ábhar sa gcnuasach seo: an saol in Árainn agus an file ina ghasúr, cúrsaí litríochta, saol na cathrach le hais saol na tuaithe chomh maith le blúiríní beaga cumadóireachta. Tá rannóg grianghraf sa leabhar chomh maith a bhí le feiceáil sa taispeántas Máirtín Ó Direáin Fathach File / Reluctant Modernist 1918-1988, a chuir an t-eagarthóir i dtoll a chéile anuraidh. 

Ceolchoirm

An tEarrach Thiar 
Cóiriú ceoil ar dhánta de chuid an Direánaigh 
Léirithe ag Deirdre Nic Conaonaigh
Cumadóir ceoil: Johnny Connolly
Amhránaí: Liam Ó Maonlaí 

Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, BÁC 8
Am: 20:00 
Cead isteach: €15
Áirithintí: 01 6770014, smockalley.com

Fear an chairdín, Johnny Óg Connolly a chuma an saothar suaithinseach seo don amhránaí Liam Ó Maonlaí. Is éard atá sa tsraith 12 amhrán An tEarrach Thiar ná cóiriú ceoil ar dhánta de chuid an Direánaigh. Chuir an seó iontach seo draíocht ar an lucht féachana ag Éigse an Spidéil, Seanscoil Sailearna in Indreabhán agus i dTaibhdhearc na Gaillimhe, seó a dhéanann tochailt liriciúil ar théama a bhaineann le cultúr Árann, le grá is le cion agus le h-athrú cultúir laistigh de shaolré duine amháin.

Tá Connolly aitheanta mar chumadóir ceoil dúchais agus ceol nuachumtha atá sa chuid is mó den albam is déanaí uaidh, Siar (2016), ar sárbhailiúchán ceoil é. Tá aithne i gcéin is i gcóngar ar an amhránaí Liam Ó Maonlaí, príomhamhránaí leis na Hothouse Flowers agus cara mór leis an bhféile IMRAM. 

Mar chúlbhrat ar an gceolchoirm, tá portráid den Direánach leis an ealaíontóir Árannach Seán Ó Flaithearta, a choimisiúnaíodh le haghaidh an tseó seo. Tá an seó arna léiriú ag Deirdre Nic Conaonaigh. 

 

Taispeántas

Máirtín Ó Direáin 1918-1988: Fathach File / Reluctant Modernist
in eagar ag Síobhra Aiken 
á chur i láthair ag Éigse Éireann i gcomhar le IMRAM

Féachann an mórthaispeántas uaillmhianach seo, Fathach File / Reluctant Modernist, le súil eile a chaitheamh ar an bhfile Árannach, Máirtín Ó Direáin, cothrom agus 30 bliain i ndiaidh a bháis. Is é seo an chéad taispeántas dá leithéid arfhile Gaeilge. Baintear leas as grianghraif phearsanta, foinsí cartlainne, agus bailiúcháin phríobháideacha le léargas cuimsitheach a thabhairt ar an 'bhfathach file' seo a leag síos clocha na nuafhilíochta Gaeilge. 


An Chuid Eile Díom Féin, Aistí le Máirtín Ó Direáin
An Chuid Eile Díom Féin, Aistí le Máirtín Ó Direáin

Cé gur mar fhile is fearr aithne ar an Árannach Máirtín Ó Direáin (1918 - 1988), chleacht sé prós chomh maith i gcaitheamh a shaoil, altanna a bhformhór, a foilsíodh in irisí agus...

Praghas: €15.00 Ceannaigh ›
Máirtín Ó Direáin: Selected Poems / Rogha Dánta
Máirtín Ó Direáin: Selected Poems / Rogha Dánta

Ainneoin gur fhiolsigh Tomás Mac Síomóin agus Douglas Sealy Tacar Dánta / Selected Poems leis an Direánach i 1984 agus go ndeachaigh athchló air i 1992, tá sé as cló le fada. Seo...

€20.00 Anois: €18.00 Ceannaigh ›