CIC Logo

Comhdháil Mháirtín Uí Dhireáin IMRAM 2018

Máirtín Ó Direáin Conference IMRAM 2018 Monday, 09th July, 2018

Comhdháil in omós do Mháirtín Ó Direáin

Tríocha bliain ó shin i mbliana a bhásaigh an file Máirtín Ó Direáin agus mar chomóradh ar a shaol agus a shaothar beidh comhdháil lae ina onóir i mBaile Átha Cliath ar an Aoine, 19 Deireadh Fómhair le linn na féile IMRAM. 

I measc na scoláirí a bheas ag tabhairt léachtaí ar an lá, beidh: 

Frank Sewell
Síobhra Aiken
Pádraig de Paor
Caoimhín Mac Giolla Léith
Alan Titley
Caitríona Ní Chléirchín

Tá an chomhdháil seo á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Litríocht Éireann agus Scoil na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide.

Seolfar dhá leabhar nua, mar seo a leanas, ag an gcomhdháil: 

Máirtín Ó Direáin: Rogha Dánta / Selected Poems - leagan dátheangach de dhánta Uí Dhireáin. Aistriúcháin le Frank Sewell.

agus

Altanna agus Dánta ó Ar Aghaidh - rogha altanna agus dánta le Máirtín Ó Direáin ón iris 'Ar Aghaidh' agus iad curtha in eagar ag Síobhra Aiken. 

Cuirfear breis eolais ar fáil amach anseo. 


Máirtín Ó Direáin: Dánta 1939-1979
Máirtín Ó Direáin: Dánta 1939-1979

Bhí stíl dá chuid féin ag an Direánach, ‘stíl choigilteach nach dual di a bheith fiontrach, stíl nár mhiste clasaiceach a thabhairt uirthi,' mar a deir Eoghan Ó hAnluain.Is gnó dom...

Praghas: €15.00 Ceannaigh ›
Máirtín Ó Direáin: Na Dánta
Máirtín Ó Direáin: Na Dánta

Ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shuilleabháin 2010 Cuimsíonn an cnuasach, atá in eagar ag Eoghan Ó hAnluain, na dánta ar fad a bhí sa leabhar Máirtín Ó Direáin: Dánta 1939 – 1979...

Praghas: €20.00 Ceannaigh ›