CIC Logo

Albam nua le Treasa Ní Mhiolláin á sheoladh ag Féile Joe Éinniú

New Treasa Ní Mhiolláin album to launch at Joe Heaney Festival Tuesday, 30th April, 2019

Ba mhór ag Cló Iar-Chonnachta thú a bheith inár dteannta nuair a sheolfaidh Treasa Ní Cheannabháin an t-albam nua Lán Mara le Treasa Ní Mhiolláin ag Féile Joe Éinniú ar an Satharn, 4 Bealtaine, 2019. Beidh an ócáid ar siúil in Áras Shorcha Ní Ghuairim


Eiseoidh Cló Iar-Chonnacht albam úr leis an amhránaí iomráiteach sean-nóis Treasa Ní Mhiolláin as an Sruthán, Árainn. Cloisfear ar an dlúthdhiosca dúbailte Lán Mara 19 amhrán traidisiúnta i nGaeilge agus i mBéarla. Ina measc, tá 8 amhráin a cumadh in Árainn, rianta nár eisíodh ariamh cheana.


Tá 30 bliain caite ó d'eisigh Treasa a halbam aonair An Clochar Bán ar chaiséad i 1989. Ó shin i leith, tá méadú ar a clú mar dhuine de na hoirfidigh is breátha de chuid na hamhránaíochta traidisiúnta in Éirinn. Le breis agus 45 bliain, tá sí ag canadh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Freisin, tá sí tugtha le fada do theagasc na hamhránaíochta sean-nóis do ghasúir scoile ar thrí oileáin Árann, ag taisteal trí shoineann agus trí dhoineann ar bháid farantóireachta agus ar eitleáin, ag cothú an dúchais ar son an chéad ghlúin eile. Saothar saoil atá san albam úr seo uaithi a cheiliúrann an oidhreacht atá cruthaithe aici d'Árainn agus don amhránaíocht thraidisiúnta.


Taifeadadh formhór na n-amhrán ar Lán Mara go speisialta sa séipéal is sine in Árainn, Séipéal Eochla, faoi chúram Jack Talty. Cé gur amhránaíocht aonair a bhíonn i gceist go hiondúil leis an sean-nós, ar 6 cinn de na rianta tá tionclacan ceoil le Saileog Ní Cheannabháin, Diarmaid Ó hAlmhain, Freda Nic Giolla Chatháin, Neil Ó Lochlainn, Locko Cullen, agus Deirdre Ní Chonghaile.


Idir cruinneas agus binneas, moltar Treasa go háirithe as a cuid foghraíochta agus as croíúlacht a cur i láthair. Is léi-se feasta a shamhlófar An Spailpín Fánach agus Cúirt Bhaile Nua. Fáilteofar go forleathan roimh an albam seo a dhéanann duine de mhór-laochra na hamhránaíochta in Éirinn a cheiliúradh, bean a bhfuil bua saibhir sainiúil spleodrach aici.


Ag labhairt di faoin dtionscnamh, dúirt an léiritheoir Deirdre Ní Chonghaile: "Ba mhór-onóir agus pribhléid dom a bheith ag obair as lámha Threasa ar an albam seo. Tá mé fíor-bhuíoch de na healaíntóirí ar fad a chur go tuisceanach cruthaitheach gairmiúil leis an iarracht, le pobal Árann a thacaigh ó thús deireadh, agus leis na hurraithe go léir ina measc an Chomhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, Comhairle Condae na Gaillimhe agus Ealaín na Gaeltachta."


Beidh an t-albam á sheoladh 2in Satharn 4 Bealtaine ag Féile Sheosamh Uí Éanaigh i gCarna ag Treasa Ní Cheannabháin;

8in Domhnach 12 Bealtaine in Óstán Árann i gCill Rónáin, Inis Mór, ag Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh; 9in Aoine 14 Meitheamh i gcuideachta an Ghóilín i gClub na Múinteoirí ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath ag Cathal Goan; agus 4.30in Domhnach 7 Iúil ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, ag Róisín White.
 


LÁN MARA
LÁN MARA

Albam leis an amhránaí iomráiteach sean-nóis Treasa Ní Mhiolláin as an Sruthán, Árainn. Cloisfear ar an dlúthdhiosca dúbailte, Lán Mara, 19 amhrán traidisiúnta i nGaeilge agus i...

Praghas: €17.99 Ceannaigh ›