CIC Logo

Pádraic Breathnach ag léamh i siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht

Pádraic Breathnach reading in the Cló Iar-Chonnacht book shop Thursday, 28th March, 2019

Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht a fhógairt go bhfuil muid ag cur tús le sraith léamha, 'Scríbhneoir na Míosa', a bheas ar bun i siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal. Is é Pádraic Breathnach an chéad scríbhneoir a bheas linn sa siopa, ar an Luan, an chéad lá de mhí Aibreáin ag 5:30 i.n.  

Ba mhaith linn fáilte a chur roimh an bpobal a theacht go dtí an ócáid seo ag a mbeidh Pádraic Breathnach ag caint faoina chuid scríbhneoireachta agus faoina chuid leabhar. Léifidh sé rogha sleachta óna shaothar chomh maith. Beidh cead isteach saor in aisce agus beidh deis ag an bpobal labhairt leis an údar agus ceisteanna a chur air faoin bpróiseas scríbhneoireachta agus faoina shaothar.

Beidh Cló Iar-Chonnacht ag cur lascaine 50% i bhfeidhm ar gach leabhar le Pádraic Breathnach i rith mhí Aibreáin i siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal agus ar an suíomh idirlín http://www.cic.ie. ;

Súil siar ar sheoladh Dialann Mo Mháthar sa bhfíseán seo. Míle buíochas le Seán Ó Mainnín ó Táin Bó Media, a chuir an físeán seo i dtoll a chéile dúinn. 

I Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh Pádraic Breathnach sa mbliain 1942. Chuir sé peann le pár den chéad uair nuair a bhí sé aon bhliain déag d'aois, agus tá sé ag scríobh ó shin! Tá aird ar leith faighte ag scríbhneoireacht an Bhreathnaigh sa gcur síos a dhéanann sé ar an dúlra, agus ar shaol inmheánach an duine. Bhuaigh an t-úrscéal is deireanaí óna pheann, Dialann Mo Mháthar, (Cló Iar-Chonnacht), duais 'Úrscéal na Bliana' i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge, 2017 agus bhí sé ar an ngearrliosta in 2018 do Ghradam Uí Shúilleabháin. Tá sé ag obair ar a chuid cuimhní cinn faoi láthair


Dialann Mo Mháthar
Dialann Mo Mháthar

Ar Ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2018 Mídhílseacht phósta atá mar ábhar san úrscéal seo. Lánúin óg, Péarla is Sylvester. Ach gur trí shúile na hiníne, Éabha, a...

€12.00 Anois: €6.00 Ceannaigh ›
Deargadaoil i mBád fó Thoinn
Deargadaoil i mBád fó Thoinn

SCRÍBHNEOIR NA MÍOSA CHLÓ IAR-CHONNACHT AIBREÁN 2019: Is é Pádraic Breathnach scríbhneoir na míosa Chló Iar-Chonnacht i rith mhí Aibreáin 2019. Bígí linn i siopa leabhar Chló...

€12.00 Anois: €6.00 Ceannaigh ›