CIC Logo

Úrscéal nua Phádraic Breathnach seolta i Luimneach

 {title_ie} Tuesday, 22nd May, 2018

"Cath na mba maola," a thug Micheál Ó Conghaile ar na comhráití a bhíonn idir é féin agus an scríbhneoir Pádraic Breathnach agus cúrsaí litríochta á bplé acu thar na blianta. Is ag caint ag seoladh an úrscéil is deireanaí de chuid Pádraic Breathnach, Dialann Mo Mháthar, a bhí Ó Conghaile, ócáid a eagraíodh mar chuid de chomhdháil lae in omós do Phádraic Breathnach mar scríbhneoir. Is iad Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál a d'eagraigh an chomhdháil lae, 'Ar na Tamhnacha', agus is é Dr Breandán Ó Cróinín a sheol úrscéal nua Phádraic. 

The writer Pádraic Breathnach pictured with his family at the launch of his novel 'Dialann Mo Mháthar' (Cló Iar-Chonnacht, 2018) in Mary Immaculate College, Limerick in 2018. Photograph by Seán Ó Mainnín.


Dialann Mo Mháthar
Dialann Mo Mháthar

Ar Ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2018 Mídhílseacht phósta atá mar ábhar san úrscéal seo. Lánúin óg, Péarla is Sylvester. Ach gur trí shúile na hiníne, Éabha, a...

€12.00 Anois: €6.00 Ceannaigh ›
Deargadaoil i mBád fó Thoinn
Deargadaoil i mBád fó Thoinn

An é seo an chéad úrscéal campais i nGaeilge? É breactha ag údar a chaith bunáite dhá scór bliain ag obair mar léachtóir i gcoláiste tríú leibhéal. Is leabhar fuinniúil, gaisciúil é...

€12.00 Anois: €6.00 Ceannaigh ›