CIC Logo

Corn Mhic Cárthaigh ag teacht go siopa Chló Iar-Chonnacht

The McCarthy Cup coming to the Cló Iar-Chonnacht book shop Thursday, 01st February, 2018

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh CLG an Spidéil linn amárach agus cuairteoir an-speisialta in éineacht leo. Beidh Corn Mhic Cárthaigh ag teacht go siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht ar an Spidéal ar an Aoine, 2 Feabhra thart ar am lóin. Tá fáilte mhór roimh chách a bheith inár dteannta don ócáid speisialta seo. Buailígí isteach má bhíonn sibh thart sna bólaí seo thart ar am lóin ar an Aoine. Ag súil go mór sibh a fheiceáil ar an lá. 


Céad Bliain ag Fás: Cumann Lúthchleas Gael 1884-1984
Céad Bliain ag Fás: Cumann Lúthchleas Gael 1884-1984

Is iomaí caibidil bhreá chorraitheach i stair Chumann Lúthchleas Gael agus ríomhtar go leor acu anseo i gcomthéacs a raibh ag titim amach in Éirinn sa tréimhse 1884 -1984. 

Praghas: €15.00 Ceannaigh ›
Iománaí ón Iasacht
Iománaí ón Iasacht

Buachaill óg as an bPolainn é Karol Laska agus é ag cur faoi in Éirinn ó bhí sé an-óg. Ón gcéad lá a chonaic sé buachaillí óga ag lascadh liathróide le maidí aisteacha ina...

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›