CIC Logo

Albam nua le Treasa Ní Mhiolláin á sheoladh ag féile Willie Clancy

Treasa Ní Mhiolláin’s new album to launch at the Willie Clancy festival Monday, 13th May, 2019

I mBealtaine 2019, d'eisigh Cló Iar-Chonnacht albam nua leis an amhránaí iomráiteach sean-nóis Treasa Ní Mhiolláin as an Sruthán Árainn. Cloistear ar an dlúthdhiosca dúbailte, Lán Mara, 19 amhrán traidisiúnta i nGaeilge agus i mBéarla. Ina measc, tá ocht n-amhrán a cumadh in Árainn, rianta nár eisíodh riamh cheana. 

Beidh an t-albam á sheoladh ag Róisín White ag tús na féile Willie Clancy i mbliana, ar an Domhnach, 7 Iúil ag 4:30 i.n. i Sráid na Cathrach, Co. an Chláir. 

Freisin, tá sí tugtha le fada do theagasc na hamhránaíochta sean-nóis do ghasúir scoile ar thrí oileáin Árann, ag taisteal trí shoineann agus trí dhoineann ar bháid farantóireachta agus ar eitleáin, ag cothú an dúchais ar son an chéad ghlúin eile. Saothar saoil atá san albam úr seo uaithi a cheiliúrann an oidhreacht atá cruthaithe aici d'Árainn agus don amhránaíocht thraidisiúnta.


Taifeadadh formhór na n-amhrán ar Lán Mara go speisialta sa séipéal is sine in Árainn, Séipéal Eochla, faoi chúram Jack Talty. Cé gur amhránaíocht aonair a bhíonn i gceist go hiondúil leis an sean-nós, ar 6 cinn de na rianta tá tionclacan ceoil le Saileog Ní Cheannabháin, Diarmaid Ó hAlmhain, Freda Nic Giolla Chatháin, Neil Ó Lochlainn, Locko Cullen, agus Deirdre Ní Chonghaile.


Idir cruinneas agus binneas, moltar Treasa go háirithe as a cuid foghraíochta agus as croíúlacht a cur i láthair. Is léi-se feasta a shamhlófar An Spailpín Fánach agus Cúirt Bhaile Nua. Fáilteofar go forleathan roimh an albam seo a dhéanann duine de mhór-laochra na hamhránaíochta in Éirinn a cheiliúradh, bean a bhfuil bua saibhir sainiúil spleodrach aici.


Ag labhairt di faoin dtionscnamh, dúirt an léiritheoir Deirdre Ní Chonghaile: "Ba mhór-onóir agus pribhléid dom a bheith ag obair as lámha Threasa ar an albam seo. Tá mé fíor-bhuíoch de na healaíntóirí ar fad a chur go tuisceanach cruthaitheach gairmiúil leis an iarracht, le pobal Árann a thacaigh ó thús deireadh, agus leis na hurraithe go léir ina measc an Chomhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, Comhairle Condae na Gaillimhe agus Ealaín na Gaeltachta."

Seoltaí

Seolfaidh Róisín White an t-albam ag Féile Willie Clancy, Sraid na Cathrach, Co. an Chláir: Dé Domhnaigh, 7 Iúil ag 4:30 i.n. 

Seolfaidh Cathal Goan an t-albam i gcuideachta An Ghóilín, Club na Múinteoirí, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath ar an Aoine, 14 Meitheamh ag 9:00 i.n. 


Beathaisnéis: Treasa Ní Mhiolláin


Ó dheireadh na 1960í anuas, tá Treasa Ní Mhiolláin ina ceannródaí i measc amhránaithe agus ceoltóirí Árann. B'í an chéad oileánach a bhain amach clú agus cáil mar cheoltóir gairmiúil agus í ar chamchuairt san Eoraip le De Danann, Clannad, Seamus Creagh agus Jackie Daly sna 1970í. Bhuaigh sí an chéad Chorn Uí Riada ariamh i 1972, comórtas a bhuaigh sí arís eile i 1979. I measc na ngradaim eile a bronnadh uirthi, tá: Comórtas na mBan faoi dhó, trí chraobh ag Fleadh Cheoil na hÉireann, trí chraobh ag Fleadh Cheoil na Breataine, Gradam Shean-nós Cois Life, Gradam Chumar, Gradam Cuimhneacháin Tom Pháidín Tom, agus Gradam Féile an Fhómhair (Inis Oírr). In 2010-2011, bhí sí ina hAmhránaí Conaitheach in Ionad an Léinn Éireannaigh in OÉ Gaillimh. In 2012 bhí sí ar chamchuairt idirnáisiúnta le Compántas Amharclannaíochta Druid, ag aisteoireacht ina léiriúchán Famine de chuid Tom Murphy. Le beagnach 35 bliain, tá sí ag teagasc na hamhránaíochta in Oileáin Árann agus i bhfad i gcéin.


LÁN MARA
LÁN MARA

Albam leis an amhránaí iomráiteach sean-nóis Treasa Ní Mhiolláin as an Sruthán, Árainn. Cloisfear ar an dlúthdhiosca dúbailte, Lán Mara, 19 amhrán traidisiúnta i nGaeilge agus i...

Praghas: €17.99 Ceannaigh ›